Clár ríomhaireachta a chuideoidh leat do chuid Gaeilge a chleachtadh

Forbraíodh Seans Eile chun go bhféadfá do chuid Gaeilge a chleachtadh, le béim ar na rudaí is deacra duit. Déanann sé cuntas ar líon na n-uaireanta ar fhreagair tú na ceisteanna i gceart. Nuair a thugann tú an freagra ceart ar cheist áirithe, ní chuirfear an cheist sin ort chomh minic sin ina dhiaidh sin. Má dhéanann tú botún agus tú ag freagairt ceiste, gheobhaidh tú seans eile ar an gceist sin ar ball beag. Dá bhrí sin, ní fheicfidh tú an iomarca faisnéise nua ag aon am amháin (rud a bhainfeadh do mhisneach díot) agus ní dhéanfaidh tú an rud ceannann céanna arís agus arís eile (rud ba leadránach duit). Caithfidh tú formhór an ama le hábhar atá i gcúl do chinn agus a dteastaíonn cleachtadh uait lena thabhairt chun cinn. Caithfidh tú roinnt ama eile le hábhar nua, agus roinnt ama eile le hábhar atá ar eolas go maith agat ach ar mhaith leat é a bheith ar bharr do ghoib agat.

Dearadh Seans Eile freisin chun go bhféadfá an clár a chur in oiriúnt do do chuid riachtanas go furasta. Nuair a thiocfaidh tú ar fhocail nua agus ar fhrásaí nua, féadfaidh tú iad a chur leis an liosta ceisteanna le go bhféadfaidh tú iad a athbhreithniú. Agus féadfaidh do mhúinteoir liostaí nua ceisteanna a cheapadh agus a thabhairt amach do na foghlaimeoirí chun cleachtadh a bhaint as na ceisteanna.

Le breis agus 6000 ceist, féadfaidh Seans Eile cuidiú leat, ba chuma cé mhéad Gaeilge atá agat! Más tosaitheoir ag foghlaim aimneacha na ndathanna i nGaeilge thú, más scoláire óg Gaeilge ag athbhreithniú an mhodha choinníollaigh thú, tá Seans Eile in ann cuidiú leat!

Free Download

spacer