- Nualéargais

Forbraíonn Nualéargais Teoranta bogearraí do theangacha neamhfhorleathana ar nós na Gaeilge. Tá an comhlacht suite i gCill Chartha, áit álainn in iardheisceart Thír Chonaill. Seo duit cuid de na hearraí a dhíolann muid.


Seans Eile

Is clár ríomhaireachta saor in aisce é Seans Eile a chuideoidh leat do chuid Gaeilge a chleachtadh. Is cuma thú a bheith i do thosaitheoir ag foghlaim aimneacha na ndathanna i nGaeilge nó i do scoláire óg Gaeilge ag athbhreithniú an mhodha choinníollaigh le haghaidh na hardteistiméireachta, is fiú duit triail a bhaint as.


Seans Eile Logo

Chun tuilleadh eolais a fháil air...

Rónán!

Le Teacht go Luath! Tá muid ag cur bailchríche ar chluiche eachtra ina ndéanfaidh tú taiscéalaíocht i ndomhan sabhalta, ina ndéanfaidh tú caidreamh le hainmhithe aisteacha, ina mbaileoidh tú uirlisí agus stórtha, ina lorgóidh tú leideanna agus ina bhfuasclóidh tú tomhais. Má tá tú go díreach tar éis tosú ag foghlaim Gaeilge, cuideoidh "An tAistritheoir Draíochta" leat chun an cluiche a imirt, sa chaoi go dtabharfaidh tú roinnt focal agus cor cainte leat gan a fhios duit féin! Fiú má tá roinnt Gaeilge agat cheana, bainfidh tú sult as an gcluiche. Bainfidh céad-eagrán an chluiche leis an nGaeilge, ach is gearr eile go mbeidh teangacha eile á dtacú leis an gcluiche seo. Dá mba mhaith leat fios a bheith agat nuair a bheidh an t-earra seo ar an margadh, déan teagmháil linn, le do thoil.

Bainfidh céad-eagrán an chluiche leis an nGaeilge, ach is gearr eile go mbeidh teangacha eile á dtacú leis an gcluiche seo. Dá mba mhaith leat fios a bheith agat nuair a bheidh an t-earra seo ar an margadh, déan teagmháil linn, le do thoil.

Sorry, but development of Rónán is on hold while I finish my PhD!

spacer